Cursa Cinnireachta

Cúrsa Cinnireachta

10 – 14 Feabhra 2024

Má bhíonn freastal sásúil ag an dalta ar an gCúrsa Cinnireachta agus má thugann an Coláiste post dóibh mar Chúntóir ar chúrsa Samhraidh beidh €700 le híoc as an gcúrsa. Tabharfaidh an Coláiste aisíoc €200 do dhaltaí ach obair shásúil a dhéanamh mar chúntóir agus rialacha iomlána an Choláiste a choinneáil.

Ar an gCúrsa Cinnireachta díreofar ar scileanna éagsúla atá de dhíth ón gCúntóir, m.sh. Cluichí, ceol, rince, Garchabhair, Cúram leanaí, scileanna bunúsacha srl.

Tá an cúrsa oiriúnach d’iar-scoláirí an Choláiste a bhain Gradam Cúntóireachta amach ar chúrsa an tsamhraidh. Tá líon bheag folúntais ar fáil do dhaltaí atá ag freastal ar an gCúrsa Ardteiste.

Bíonn an-éileamh ar an gcúrsa seo. Mar sin bí cinnte go bhfuil d’iarratas curtha isteach roimh a 1ú Feabhra.

An Táille:

Lóistín ar feadh 5 lá maraon le taiteal ó Bhaile Átha Cliath nó Gaillimh. Cuirfear gach eolas chugat seachtain roimh thús an Chúrsa.

Cúntóir:

Tabharfar cuireadh duit teacht ar Chúrsa sa samhradh mar Chúntóir má dhéantar freastal sásúil ar an gCúrsa Cinnireachta. Agus Scrúdú na hArdteiste déanta agat beidh fáilte romhat cur isteach ar phost mar Ardchinnire.

Ardchinnire:

Tar éis an Chúrsa beidh deis agat cur isteach ar phost mar Ardchinnire. Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an bpost seo. Roghnaítear na hArdchinnirí i gColáiste Sheosaimh ó Mhic Léinn 3ú Leibhéil. Más rud é gur fhreastal tú ar an gCúrsa mar Chúntóir ní ghá duit freastal arís.

Folúntais:

Roinnfear na folúntais mar Cúntóirí/Cinnirí tar éis an Chúrsa. Cuirfear scéal chuig gach dalta taobh istigh de sheachtain.

Gníomhaíochtaí:

Is iomaí gníomhaíocht a chuirfear ar fail do dhaltaí ar an gCúrsa Cinnireachta: Peil, Cispheil, Eitpheil, Cluichí srl. Eagrófar díopsóireachtaí agus Tráth na gCeist chomh maith le Ceardlanna a bheidh an-usáideach agus iad a plé le daltaí le linn an tsamhraidh. Beidh céilithe agus seisiúin ceoil ar siúl.

Beidh an deis ag daltaí 3ú Leibhéil dul amach san oíche.

Foirm Iarratais Le Híoslodáil

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit. Curabitur posuere dignissim ipsum vitae mollis. Praesent semper non libero id commodo. Vestibulum sit amet fringilla leo.