Coláiste Gaeilge suite thart ar 40 míle ó Chathair na Gaillimhe i mbearna cósta. Bunaíodh an Coláiste i 1960 agus eagraítear Cúrsaí Gaeilge rathúla gach bliain ó shin
Cuireann An Coláiste fáilte roimh scoláirí 11-18 mbliana d’aois ar gach cúrsa. Oireann gach cúrsa do chuile aois-ghrúpa.
Déantar iarracht faoi leith a chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama dearfach agus gníomhach ag na daltaí go léir agus iad tumtha sa Ghaeilge le tacaíocht ó mhúinteoirí, chinnirí agus mhná tí
Tugann ár gcúrsaí deis do dhaltaí taitneamh a bhaint as a saoire sa Ghaeltacht chomh maith le deis a chur ar fáil dóibh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, rud a chabhróidh go mór leo ar scoil. Cuirtear ranganna idirghníomhacha ar fáil chomh maith le himeachtaí a threisíonn caidreamh an dalta lenár dteanga.
Tá an cúrsa seo oiriúnach d’iarscoláirí an Choláiste a bhain Gradam Chúrsa Cinnireachta amach ar Chúrsa an tsamhraidh. Cuirfear líon beag áiteanna ar fáil d’iar scoláirí eile.
Dian chúrsa dul siar do lucht Ardchúrsa Ardteiste. Cuirtear béim faoi leith ar an Scrúdúbéil. Rachaidh múinteoirí Ardteiste an chúrsa seo i ngleic le gach gné de Pháipér 1 & 2. Fáilte roimh chách.