Baile > Gníomhaíochtaí
Cuirtear réimse leathan de spórt agus cluichí ar fáil do na scoláirí taobh istigh agus taobh amuigh, m.sh. Cispheil, eitpheil, Peil Gaelach, Tag-rugbaí, sacar, haca, rothaíocht, siúlóidí srl. Cuirtear na gníomhaíochtaí seo ar siúl sa choláiste nó timpeall an choláiste nó ar an bpáirc uile-aimsire i gCill Chiaráin nó ar thalamh ar CLG i gCárna.
Déantar iarracht béim faoi leith a chur ar an gceol traidisiúnta. Cuirtear giotar ar fáil do na daltaí. Eagraítear seisiúin ceoil, drámaíocht, Karaoke, amhránaíocht traidisiúnta agus nua-aimseartha. Múintear damhsaí céilí chomh maith le damhsaí seit. Anuas ar sin, cuirfimid fáilte roimh dhamhsaí nua-aimseartha.
Cuirtear ceardaíocht ar fáil sa Choláiste: Ealaín, Sceitseáil, Cré, seodóireacht, club cniotála, ealaín ingne, cócaireacht srl.
Cuirtear gníomhaíochtai eile ar nós ióga, zumba, turas rothaíochta, siúlóidí, tóraíocht taisce agus siúlóidí chuig na tránna áille ar a dhéantar feitheoireacht ghéar i gcónaí.
7.30 – 9.30 i.n.
Le linn na seisiún tráthnóna eagraímíd Céilí agus múintear damhsaí, amhráin, comórtais idir na tithe m.sh. Comórtas Amhránaíochta na dTithe, Rós Chill Chiaráin. Eagraímíd Cóisir Cois Trá tráthnóna amháin chomh maith.