Baile > Ár gcúrsaí Samhraidh
Tá 5 leibhéil de ranganna againn sa choláiste ó Bhunchúrsa go rang Ardteiste le cinntiú go bhfuil rang oiriúnach don dalta ar fáil. Cuirtear an dalta sa rang a oireann dó.
Cúrsa A: €1120 (coicís – lascaine €100 do shiblíní).
Cúrsa B: €1250 (coicís – lascaine €150 do shiblíní)
Cúrsa C: €1250 (lascaine €150 do shiblíní)
Cúrsa D: €1120 (coicís – lascaine €100 do shiblíní)
Cúrsa E: €1120 (coicís – lascaine €100 do shiblíní)
Cúrsa F: €1120 (coicís – lascaine €100 do shiblíní)
Clúdaíonn an táille:
Táillí múinteoireachta, lámhleabhair agus bunábhar.
Bus an Choláiste go laethúil Lóistín agus béilte
Seol éarlais €300 láithreach. Eagrófar dáta agus glaoch teileafóin nó ionad an Agallaimh chomh luath is a fhaighimid an t-éarlais.
Caithfear an t-iarmhéid a íoc mí roimh thús an Chúrsa. Is féidir an t-iarmhéid a íoc de réir a chéile i rith na bliana agus seolfar nasc íocaíochta ar ríomhphost.
Tabharfar iarmhéid na dtáillí ar ais i gcás tinnis a tharlaíonn níos mó ná 10 lá roimh thús an chúrsa.
TAISTIL: Is féidir le daltaí bus príomháideach a fháil ón mbaile go dtí an Coláiste. Baineann costas breise le seo. Cuirtear rphost le nasc chun seo a íoc roimh thús an chúrsa.
Cuirtear seisiúin eolais ar líne ar siúl do thuismitheoirí na scoláirí nach raibh linn cheanna roimh thús na gCúrsaí. Gheobhaidh tuismitheoirí cuireadh ar ríomhphost chun freastal ar cheann de na seisiúin eolais ar líne. Beidh deis ann le ceist a chur ar mhúinteoir an Choláiste maidir le gné ar bith den Chúrsa.