Baile > Eolas Fúinn > Lá Sa Choláiste
Bíonn ranganna ar siúl gach maidin ó 9.30/ 10.00 go 12.30/1.00. Maireann gach tréimhse daichead nóiméid agus bíonn ceithre rang ag na daltaí.
Cuirtear béim ar Bunstruchtúr na Teanga i gceann amháin de na tréimhsí – gramadach na Gaeilge le béim ar chruinneas.
I dtréimhse eile déantar forbairt ar an ngramadach trí chleachtadh a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge trí obair ghrúpa chun feabhas a chur ar usáid na Gaeilge.
Cuirtear béim ar an gcluas i rang eile le dul chun cinn a dhéanamh ar thuiscint and dalta. Usáidtear go leor gníomaíochtaí ranga chun cumas an dalta a fhorbairt.
Sa rang eile cuirtear béim ar shaibhreas na Gaeilge agus an cultúr trí usáid a bhaint as focail na namhráin, díospoíreachtaí, drámaí srl.
San iarnóin cuirtear cluichí agus gníomhaíochtaí ar fáil, m.sh. Cispheil, eitpheil, peil, snúcar, seachain, siúlóidí, rothaíocht, tóraíocht taisce, seodóireacht, giotar, ealaín agus ceardaíocht, grúpa ceoil, spórt uisce agus réimse leathan cluichí beaga ar nós twister, cártaí, jenga srl.
Tá páirc peile agus páirc uile-aimsire ar fáil dúinn chomh maith. I gcás dea-aimsire téann gach duine go dtí an trá le chéile le feitheoireacht gheár déanta i gcónaí.
Istoíche glacann na daltaí páirt i gCéilí. Is iomaí téama a bhaineann leis n céilithe, m.sh. Dubh agus Bán, feisteas bréige, ildaite, pitseamaí srl. Bíonn comórtais éagsúla ar siúl againn chomh maith ar nós Comórtas Amhránaíochta, Seó Tallainne, Karaoke srl.