Clárú

1. Cliceáil ar an gcnaipe Cláraigh/Register thíos.

Tabharfaidh sé seo go dtí an leathanach áirithintí tú. Roghnaigh ansin an cúrsa ar mian leat go bhfreastalóidh do pháiste air. Iarrfar ort éarlais de €300 a íoc do chúrsa samhraidh nó na táillí iomlána do chúrsa i mí Feabhra.

Nuair atá cúrsa á roghnú, bí cinnte go roghnaítear an inscne cheart agus, i gcás na gcúrsaí i mí Meithimh, an grúpa scoilbhliana ceart. Seo toisc go bhfuil teorann leis an méid buachaillí agus leis an méid cailíní ar féidir a thógáil ar aon chúrsa agus tá an t-uasmhéid scoláirí in aon rang srianta chomh maith. 

  • Tá Cúrsa A1 oiriúnach do scoláirí i mbliain a 1 agus a 2, san idirbhliain agus i mbliain a 5 amháin.
  • Tá Cúrsa A2 oiriúnach do gach scoláire iarbhunscoile.
  • Tá Cúrsaí B, C, D, E, agus F oiriúnach do scoláirí a bhfuil rang a 6 sa bhunscoil críochnaithe acu agus do scoláirí iarbhunscoile.

Ní ghlacaimid le scoláirí nach bhfuil rang a 6 sa bhunscoil críochnaithe acu.

2. Ríomhphost Deimhnithe agus Clárú Sonraí

Tar éis duit an éarlais (nó na táillí iomlána i gcás cúrsa i mí Feabhra) a íoc, gheobhaidh tú ríomhphost uainn ag deimhniú seo.

 

  • Beidh nasc sa ríomhphost don leabhrán eolais ar cheart duit a léamh.
  • Beidh nasc eile ann go dtí foirm Google a lorgóidh do chuid sonraí agus sonraí do pháiste.

 

Ní bheidh iarratas do pháiste críochnaithe go dtí go líonfar an fhoirm seo.

Cairde agus Lóistín

Gheobhaidh tú ríomhphost uainn i mí Márta le treoracha conas iarratas a dhéanamh go bhfanfaidh cairde le chéile sa teach lóistín céanna. Níl aon ghá dul i dteangmháil linn maidir leis seo go dtí sin. Cuirtear triúr cairde ar a mhéad ar iostas lena chéile in aon teach lóistín.

Nuair a bhíonn cúrsa ar siúl i níos mó ná ionad amháin (.i. Cúrsaí A1 agus A2), cuirfear scoláirí ón mbliain chéanna sa scoil chéanna san ionad céanna.

Áiteanna Bus

Beidh tuismitheoirí in ann áiteanna bus a chur in áirithe sé seachtainí sula dtosnaíonn an cúrsa. Gheobhaidh tú ríomhphost uainn faoi ag an am sin.

Íocaíochtaí agus Fuílleach na dTáillí

Is féidir fuílleach na dtáillí a íoc in aon íocaíocht amháin nó i ndá ghala. Gheobhaidh tú nasc íocaíochta don chéad ghala 14 seachtain sula dtosnaíonn an cúrsa agus don cheann deireanach 6 seachtainí sula dtosnaíonn sé.

Más mian leat an fuílleach a íoc in aon íocaíocht amháin, is féidir neamhaird a dhéanamh ar an gcéad nasc íocaíochta. Cuimseoidh an nasc íocaíochta deireanach na táillí ar fad a bheidh fós le híoc.

Ní mór díol as na táillí ar fad ar a laghad mí amháin sula dtosnaíonn an cúrsa.

Bainfear scoláireachtaí agus lascainí do scoláirí atá ag filleadh agus do shiblíní, etc, d’fhuílleach na dtáillí sula mbeidh sé dlite.

Cúrsaí Lán agus Liostaí Feithimh

Má tá cúrsa lán, ní bheidh rogha ar an leathanach áirithintí íoc as éarlais don chúrsa sin. Seo thíos liosta de na folúntais ar chúrsaí:-

Cúrsa A1 (31 Bealtaine – 14 Meitheamh): Cailíní Bliain 1 agus a 2 and Cailíní agus Buachaillí Bl. 4 agus Bl. 5

Cúrsa A2 (14-28 June): Gach bliain

Cúrsa B: Buachaillí agus Cailíní

Cúrsa D: Buachaillí agus Cailíní

Cúrsa E: Cailíní amháin

Cúrsa F: Buachaillí agus Cailíní

D’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbíonn áit ar fáil ar chúrsa atá lán, mar shampla, mar tharraingíonn scoláire siar ó chúrsa. Tairgtear na háiteanna sin don chéad scoláire eile ar an liosta feithimh don chúrsa sin. Más maith leat do pháiste a chlárú don liosta feithimh, is féidir leat cliceáil ar an nasc thíos.

Níl ach méid áirithe áiteanna ar fáil ar aon chúrsa do bhuachaillí agus do chailíní agus do scoláirí ó scoilbhlianta éagsúla. Toisc é seo, ní féidir áit do chailín i mbliain a 5, mar shampla, a líonadh ach le cailín i mbliain a 5.

Níl aon gheallúint ann go bhfaighidh aon duine ar an liosta feithimh áit ar chúrsa.

Foirm Iarratais Le Híoslodáil