Baile > Eolas Fúinn
Tá Coláiste Gaeilge Sheosaimh suite thart ar 40 míle ó Chathair na Gaillimhe i mbearna cósta. Bunaíodh an Coláiste i 1960 agus eagraítear Cúrsaí Gaeilge rathúla gach bliain ó shin. Tá dhá ionad ag an gColáiste-Cárna agus Cill Chiaráin. I gCill Chiaráin baintear usáid as an Ionad Pobail atá lán le háiseana maithe ar nós seomraí ranga, áiseanna spóirt agus páirc Astro in aice láimhe. I gCarna cuirtear Pobalscoil Chárna agus na háiseanna go léir a bhaineann léi ar fáil dúinn, chomh maith le Páirc de chuid an Cumann Lúthchleas Gaeil i gCárna.
Déantar iarracht faoi leith a chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama dearfach agus gníomhach ag na daltaí go léir agus iad tumtha sa Ghaeilge le tacaíocht ó mhúinteoirí, chinnirí agus mhná tí.
Baineann an Coláiste usáid as modhanna spreagadh dearfacha chomh maith le sraith rialacha soiléire maidir le húsáid na Gaeilge. Tugann an spreagadh agus rialacha seo tacaíocht do dhaltaí agus tugann sé deis dóibh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge le linn an Chúrsa.
Cuirtear an riail seo i bhfeidhm go cothrom i gcás gach uile dalta chun cinntiú gurb í an Ghaeilge teanga an Choláiste i gcónaí. Ní bheidh dalta ar bith i dtrioblóid agus iarracht á dhéanamh acu. Má thagann sé chun solaid go bhfuil scoláire ag sreachailt go mór le sealbhú na teanga, cuirtear ranganna breise ar fáil dóibh i ngrúpa beag.
Tuigeann foireann an Choláiste nach bhfuil Gaeilge líofa ag na daltaí a fhreastlaíonn ar an gColáiste agus go bhfuil siad ag teacht chun na Gaeltachta le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Déanann an Coláiste a sheacht ndícheall atmaisféar taitneamhach agus spraíúil a chur ar fáil agus an Ghaeilge mar mhodh cumarsáide.
Má iarrtar ar dhalta an Coláiste fhágáil bíonn deis ag an dalta a thaobh den scéal a phlé agus labhairt le tuismitheoir nó caomhnóir ar dtús. Má iarrtar ar dhalta an cúrsa a fhágáil tá sé de dhualgas ar thuismitheoirí an dalta a bhailiú taobh istigh de thréimhse ama réasúnta.
Tá Riail na Gaeilge mar chuid lárnach agus bunúnsach de shaol an Choláiste agus tuismitheoirí ag seoladh a bpáistí chugainn chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.